エピソード

  • Agóidí phobal na Gaeilge: Still fighting na sean-chathanna céanna?
    2025/07/10

    I mí Mhéan Fómhair beidh na mílte Gael ag dul chun na sráideanna i mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ach, an bhfuil pobal na Gaeilge ag troid na sean-chathanna céanna le breis agus caoga bliain? Agus cé chomh héifeachtach is a bhíonn léirsithe mar seo chun athrú polasaí a bhaint amach? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar roinnt agóidí de chuid Conradh na Gaeilge agus an toradh a lean iad.



    Foclóir:


    Éileamh: Demand


    Maoiniú: Funding


    Maram: I suppose


    Mórshiúil: Procession


    Mianta: Wishes/Desires


    Féinriail: Autonomy


    Cumhachtaí: Powers


    Uaillmhianach: Ambitious


    Cáipéisí: Documents


    Ré: Era


    Gnáthphobal: Ordinary people


    Go borb: Abruptly or Gruffly


    Suaitheantas: Emblem


    Mana: Motto


    San áireamh: Included


    Rachmasóirí: A derogatory term for the wealthy


    Gan fiacail a chur ann: Not to mince one’s words


    Daoine ón iasacht: Outsiders


    Rathúil: Successful


    Snáithe: Thread


    Sean-chathanna: Old battles

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    21 分
  • Gaiscí Mhichíl D san Áras and finding his successor
    2025/07/03

    Cuireadh tús le hUachtaránacht Michael D Higgins i 2011, tar éis dó breis is milliún vóta a fháil agus sciar 56% faighte aige.

    ­

    Ó shín i leith, ghlac sé leis an dúshlán a bheith mar Uachtarán do chách, agus níor chuir sé fiacail ina fhocail agus é ag labhairt amach go poiblí ar ábhair éagsúla.

    ­

    Ach le deireadh a dhara téarma mar Uachtarán ag druidim linn agus a chomharba le roghnú sna míonna amach romhainn, cé a bheadh in ann teacht isteach sna sála air?

    ­

    Ar Seachtain, amharcann an Dr Katie Whelan siar ar an am a chaith Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus tugann sí spléachadh ar na féidearthachtaí atá ann dá chomharba.

    ­

    ­

    Foclóir:

    ­

    Éirimiúil: Intelligent

    ­

    Ualach: Weight/burden

    ­

    Beag beann ar: Regardless of

    ­

    Iontaofa: Trustworthy

    ­

    Ionannú: Identification

    ­

    Barántas: warrant

    ­

    Go héagórach: Unjustly

    ­

    Pardún iarbháis: Posthumous pardon

    ­

    Rochtain: Access

    ­

    Faillí: Negligence

    ­

    Níor chuir sé fiacail ina fhocal: He didn’t mince his words

    ­

    Cé is moite: Except

    ­

    Go neamhbhalbh: Point- blankly

    ­

    Iar-throdaí: Former fighter

    ­

    Ceap magaidh: Mockery

    ­

    Féidearthachtaí: Possibilities

    ­

    Tugadh bata agus bóthar dó: He was shown the door

    ­

    Ballraíocht: Membership

    ­

    Tost: Silence

    ­

    Dóchúlacht: Probability

    ­

    Urlabhraí: Spokesperson

    ­

    Bunús: Basis

    ­

    Sna sála air: On his heels

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    25 分
  • Cúig ‘media moments’ a láidrigh an ghluaiseacht LADTA+ in Éirinn
    2025/06/26

    Bhí go leor eachtraí cinniúnacha ann a d’fhág lorg ar dhul chun cinn na gluaiseachta LADTA+ in Éirinn.


    Ó na 1970í ar aghaidh, tháinig méadú ar infheictheacht dhaoine aeracha sna meáin in Éirinn - rud a d’imir tionchar nach beag ar mheon mhuintir na tíre.


    Ó phóga aeracha ar an scáileán i Ros na Rún, go hóráidí dodhearmadta in Amharclann na Mainistreach, seans go bhfuil sé deacair samhlú anois an streachailt a bhí os comhair an phobail aeraigh le comhionannas a bhaint amach.


    Ar Seachtain, tógann tá an t-údar Naoise Dolan siar muid ar na heachtraí is cinniúnaí sna meáin Éireannacha ó thaobh an phobail aeraigh de.



    Foclóir:


    Eisceachtúil Exceptional


    Aiseolas: Feedback


    Maitheas: Benefit


    Ionchur: Input


    Gluaiseachtaí: Movements


    Na meáin: Media


    In ainneoin: Despite


    Feiceálacht: Visability


    Crógacht: Bravery


    Baol: Danger


    Cosc: Ban


    Coimeádach: Conservative


    Riachtanas: Necessity


    Scaip físeán go rábach: A video went viral


    Comhionannas: Equality


    Amharclann na Mainistreach: The Abbey Theatre


    Aiteach: Queer



    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    23 分
  • Kneecap: Mo Chara sa chúirt agus legal ‘dream team’ leis
    2025/06/18

    Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó 'Mo Chara' as Kneecap mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu.

    ­Tá sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain anuraidh, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe.

    ­D’fhoilsigh Kneecap ráiteas ar na meáin shóisialta inar shéan siad go ndearnadh aon choir agus gheall siad go ndéanfaidís cosaint ar “a gcearta” go fíochmhar.

    ­Thug siad le fios gur “ionsaí polaitiúil” é seo ón stát Bhriotanach atá dírithe orthusan mar “ealaíontóirí ó phobal faoi chois”.

    Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dúnbarrach cad a thit amach inniu, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.

    ­

    ­Foclóir:

    ­

    Bratach: Flag

    ­

    Léirigh: To convey or demonstrate

    ­

    Mídhleathach: Illegal

    ­

    Dodhéanta: Impossible

    ­

    Stát sceimhlitheoireachta: Terrorist State

    ­

    Abhcóide: Barrister

    ­

    Neamhchoitianta: Uncommon

    ­

    Achrann: Agro

    ­

    Ionchúisitheoir: Prosecutor

    ­

    Blaiseadh: Flavour

    ­

    Comhghuaillíocht: Alliance

    ­

    In aghaidh an dlí: Against the law

    ­

    Cosantóirí: The defence

    ­

    Mearbhall: Bafflement

    ­

    Comhghleacaí: Colleague

    ­

    Aineolas: Ignorance

    ­

    De réir dealraimh: Apparently

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    17 分
  • Tréigthe agus folamh: A Gaeltacht housing solution?
    2025/06/12

    Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre.

    ­

    Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta?

    ­

    Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr.

    ­

    Foclóir:

    ­

    Tithe folmha: Vacant homes

    ­

    Tréigthe: Abandoned

    ­

    Fadhb ar leith: A particular problem

    ­

    Folláin: Healthy

    ­

    Go sainiúil: Uniquely

    ­

    Suntasach: Considerable

    ­

    Éileamh: Demand

    ­

    Seal: A period of time

    ­

    Go buan: Permanently

    ­

    Deontas: Grant

    ­

    Earcú: Hiring

    ­

    Farsing: Extensive

    ­

    Cónaitheacht: Residency

    ­

    Fo-oifigigh: Junior Officers

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    21 分
  • Gaelcholáiste nua mar chuid den fhís do cheantar Gaeltachta BÁC
    2025/06/05

    Tá Gaelcholáiste nua beartaithe do lár na cathrach agus tá na doirse le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2026, ach is iomaí dushlán atá fós le sárú leis sin a chur i gcrích. Ach, le os coinn 90% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne Synge Street CBS a aistriú go Ghaelcholáiste, agus le tuismitheoirí go fóill gan mórán eolais faoin Ghaelcholáiste nua, an bhfuil baol ann nach dtarlóidh sé? Cad iad na dushláin atá os comhair meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i lár na cathrach, agus, cén fáth nach bhfuil achan duine sásta faoi? Labhraíonn Julian de Spáinn, ón fheachtas Gaelcholáiste 2,4,6,8 faoin phlean le ceathrú Gaeltachta a chruthú i gcroílár na cathrach.


    Foclóir:

    Soláthar: Supply


    Roinn: Department


    Éileamh: demand


    Ilchreidmheach: Multi-faith


    Liosta feithimh: Waiting list


    Taighde: Research


    Gar: Close


    Tuairimí: Opinions


    Iarratas: Request


    Tairiscint: Offer


    Maíomh: Boast


    Ailtirí: Architects


    Teagasc: Teaching


    Earcaíocht: Recruitment


    Cumarsáid: Communication


    Ceathrú: Quarter

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    21 分
  • Gaeltacht Acla faoi bhagairt de bharr na ‘second homes’
    2025/05/29

    Tá clú agus cáil ar áilleacht chósta iarthar na hÉireann agus meallann sé turasóirí ó chian agus ó chóngar. Tá go leor daoine in Éirinn agus thar lear a bhfuil teach saoire acu sna ceantracha ghalánta seo, na Gaeltachtaí san áireamh. Ach leis na fadhbanna atá á gcruthú do dhaoine áitiúla de bharr na dtithe saoire seo, is léir go bhfuil práinn le cur leis an soláthar tithíochta fad-téarmacha do mhuintir na háite ar chósta na hÉireann. Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Acla i gContae Mhaigh Eo faoi chás na Gaeltachta ansin.


    Foclóir


    Folamh: Empty


    Scaipthe amach: Spread out


    A mheas: Estimate


    Easpa tithíochta: A lack of housing


    Cothú: Cultivate


    Luach: Value


    Le dul i ngleic leis: To tackle or to address it


    Bagairt: Threat


    Tuairimí: Ideas


    Casta: Complex


    Muintir: Family or people


    Taobh Thiar: The west side


    Cíos: Rent


    Cothromaíocht: Balance


    Go buan: Permanently


    Tá siad ag cur fúthu sa Ghaeltacht: They’re living in the Gaeltacht

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    20 分
  • 'Mo Chara’ Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act
    2025/05/22

    Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta.


    Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh.


    Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe.


    Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh.


    Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú” in Gaza.


    Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    15 分